Faoin Tionscnamh
https://www.turaschonamara.ie/images/map_screenshot.jpg

TURAS CHONAMARA- AN LÉARSCÁIL



Bain sásamh as an mapa digiteach closamhairc Turas Ghaeltacht Chonamara anseo ar an suíomh, nó is féidir é a íoslódáil mar aip chun cluas a thabhairt do ghlórtha na háite agus sásamh a bhaint as scéalta, amhráin agus ceol agus tú ag siúl na dúiche ónar eascair siad. Is sna pobail éagsúla ó Chois Fharraige go Carna i nGaeltacht Chonamara atá ábhar an mhapa seo á bhailiú.

Is iad muintir na háite a roghnaíonn an t-eolas le cur ar an mhapa. Faightear léargas ann ar shaibhreas cultúir, teanga agus béaloidis an cheantair, ar fhoirmeacha áitiúla logainmneacha, agus ar an cheangal láidir idir na daoine agus an talamh. Is i nGaeilge atá an léarscáil, le haistriúcháin Fraincíse agus Bhéarla.

 

Tá an léarscáil á fhoilsiú i sciaranna i rith na bliana. Tá an chéad sciar, léarscáil na Ceathrún Rua, foilsithe, agus tá muid ag bailiú eolais faoi na ceantair eile. Más mian leat páirt a ghlacadh sa dtogra léarscálaithe, agus má tá eolas nó ábhar agat le cur ar an léarscáil, déan teagmháil linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

Is féidir leat an léarscáil a bhrabhsáil anseo ar shuíomh Turas Chonamara ar do ghléas soghluaiste nó deisce.

Is féidir leat aip Turas Ghaeltacht Chonamara a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ghléas soghluaiste.

 

Má thugann tú cuairt ar an gceantar, ná téigh isteach ar thalamh phríobháideach gan cead. Bí cúramach ar na bóithre agus ar thalamh garbh. Léirigh ómós don áit, ná fág aon lorg.

Cruthaithe ag | created by

Ríonach Ní Néill & Macalla Digital Heritage Services

 

In éineacht le | in collaboration with

Pobail Ghaeltacht Chonamara | Connemara Gaeltacht communities

 

Arna mhaoiniú ag | funded by

Gaillimh 2020, FLAG (Fisheries Local Area Group)

 

Le tacaíocht ó | with support from

RTÉ Raidio na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh | RTÉ Raidio na Gaeltachta, NUI Galway

 

Do chách | for all

 

Saor in aisce | Free

 

Install the app | faigh an aip

 

Buíochas le | Thanks to

Pobail Ghaeltacht Chonamara | Connemara Gaeltacht communities