Aitheantas

Cruthaíodh an mapa seo ag úsáid Sonraí Oscailte amháin. Séard atá i gceist le Sonraí Oscailte ná sonraí neamhthráchtála atá saor le húsáid, athúsáid, agus athdháileadh, agus ar féidir teacht orthu go héasca ar líne.  Cuireadh sonraí ar an léarscáil ar fuarthas ó mhuintir na háite.

 

Baineadh úsáid as dhá chineál Sonraí Oscailte:

1. Eolas poiblí foilsithe ag na Rannóga Rialtais & Comhlachtaí Poiblí

Tugann Tairseach Shonraí Oscailte na hÉireann rochtain ar thacair sonraí foilsithe ag na Rannóga Rialtais & Comhlachtaí Poiblí, agus atá ar fáil le athúsáid agus athdháileadh faoin Treoir maidir le Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal
Eorpach (INSPIRE). Bhaineamar úsáid as sonraí na hearnála poiblí chun teorainneacha agus gnéithe geografacha an cheantair a shainiú, agus bhaineamar úsáid as sonraí oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha.

2: Sonraí Open Streets Maps

Is tionscnamh domhanda é The OpenStreetMap Project atá mar aidhm acu sonraí geospásúla a chrothú atá saor le húsáid, athúsáid, agus athdháileadh. Tá breis is dhá mhilliún oibrí deonach ag obair air, le tacaíocht ó eagraíocht neamhbhrabúis. Baintear úsáid as modhanna éagsúla bailiú sonraí chun na léarscáileanna a chothabháil agus a nuashonrú.

Bhaineamar úsáid as Open Street Maps chun sonraí topografaíochta áitiúla a sholáthar.

 

Fuarthas na tacair sonraí a leanann tríd Tairseach Shonraí Oscailte na hÉireann (https://data.gov.ie/ga/).  Tá siad dhá úsáid anseo faoi théarmaí Cheadúnas Sannta Creative Commons Idirnáisiúnta (CC BY 4.0 - https://creativecommons.org/licenses/by/4.0).

 

  • Teorainn na gCúigí Neamhghinearálaithe - Teorainn Riaracháin Náisiúnta an SOÉ - 2015

    Foilsithe ag: Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ)

  • Na Bailte Fearainn – Teorainn Reachtaíochta Náisiúnta SOÉ

    Foilsithe ag: Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

  • Tacar Sonraí an Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH)

    Foilsithe ag: An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
    Nóta cearta:
    Cóipcheart Rialtas na hÉireann.  Is iad Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta, agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a chruthaigh an tacar sonraí seo.  Tá an t-ábhar faoi chóipcheart ceadaithe d’athúsáid faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons Idirnáisiúnta 4.0.  http://creativecommons.org/licenses/by/4.0/

  • Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta - Suirbhé Seandálaíochta na hÉireann

    Foilsithe ag: An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
    Nóta cearta:
    Cóipcheart Rialtas na hÉireann.  Is iad Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a chruthaigh an tacar sonraí seo.  Tá an t-ábhar faoi chóipcheart ceadaithe d’athúsáid faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons Idirnáisiúnta 4.0.  http://creativecommons.org/licenses/by/4.0/

  • Aibhneacha & Locha SOÉ

    Foilsithe ag: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

  • Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta

    Foilsithe ag: An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
    Nóta cearta:
    Cóipcheart Rialtas na hÉireann.  Is iad an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a chruthaigh an tacar sonraí seo.  Tá an t-ábhar faoi chóipcheart ceadaithe d’athúsáid faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons Idirnáisiúnta 4.0.  http://creativecommons.org/licenses/by/4.0/

  • An Chomhairle Oidhreachta - Limistéir faoi Chosaint Speisialta

    Foilsithe ag: An Chomhairle Oidhreachta

  • Reiligí Chontae na Gaillimhe

    Foilsithe ag: Comhairle Chontae na Gaillimhe

  • Céanna & Calafoirt Chontae na Gaillimhe

    Foilsithe ag: Comhairle Chontae na Gaillimhe

  • Lonnaíochtaí Neamhghinearálaithe - Teorainn Staidrimh Náisiúnta SOÉ - 2015

    Foilsithe ag: Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

  • Teorainn na Gaeltachta Neamhghinearálaithe - Teorainn Riaracháin Náisiúnta an SOÉ - 2015

    Foilsithe ag: Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

 
Logainmneacha

Fuarthas eolas ón mBunachar Sonraí de Logainmneacha na hÉireann tríd Logainm.ie (https://www.logainm.ie/).  Sonraí na logainmneacha ó Logainm © Rialtas na hÉireann faoi Cheadúnas Sannta Creative Commons Idirnáisiúnta (CC BY 4.0 - https://creativecommons.org/licenses/by/4.0).

Bóithre

Fuarthas sonraí bóithre ón Open Street Maps (https://www.openstreetmap.org/).
Tá sonraí oscailte OpenStreetMap d’athúsáid faoi cheadúnais
Open Data Commons Open Database License (ODbL) fondúireacht OpenStreetMap Foundation (OSMF),(https://www.openstreetmap.org/copyright).

Taifeadtaí Ceoil

Thug RTÉ Raidió na Gaeltachta rochtain ar a gcatalóg cheoil.  Cruthaíodh tacar sonraí nua tríd taifeadtaí a geoshuí de réir eolais ó theidil na n-amhrán, na hamhránaithe nó na cumadóirí. 

Ábhar arna ghiniúint ag an Phobal

Bhailigh Ríonach Ní Néill sonraí ó bhaill den phobal agus cruthaíodh taifeadtaí, téacsanna agus íomhánna nua.  Cuimsíonn na catagóir sonraí stair áitiúil, béaloideas, logainmneacha, dinnseanchas, áiteanna spéisiúla, pearsaí áitiúla, ceol, filíocht agus litríocht áitiúla, radharcanna agus siúlóidí. Cruthaíodh tacar sonraí nua trí na taifeadtaí, téacsanna agus pictiúir a geoshuí.

Foirmeacha áitiúla logainmneacha

Fuarthas foirmeacha áitiúla logainmneacha agus dinnseanchas ó bhaill den phobal. Logainmneacha Gaeilge iad seo atá in úsáid go háitiúil, nó a bhíodh go dtí le déanaí. Níl leaganacha deimhnithe ar fáil do go leor acu.
Bhailigh Eileen Nic Dhonncha logainmneacha áitiúla na Ceathrún Rua. Bhailigh sí formhór an eolais go háitiúil idir 1988-1989 mar chuid dá tráchtas bunchéime Tíreolaíochta agus eolas breise ó bhéil ó shin.
Bailíodh na sonraí go príomha ó Seán Ó Loideáin (Johnny Mhicil Searlaí); Micheál (Micil) Ó Loideáin; Piaras Ó Conaire; Sonny Mac Donncha.
Nic Donncha, E., (1989), Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, tráchtas neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh.

Siúlóidí

Bhunaigh Comharchumann Mhic Dara and an Coiste na mBailte Slachtmhara na Ceathrún Rua Siúlóidí na Ceathrún Rua. Foilsíodh léarscáil na siúlóidí ar https://www.sportireland.ie/outdoors/walking/trails?county=45 agus rinneadh iad a dhigitiú ón bhfoinse seo.