Baile
https://c2.staticflickr.com/2/1954/45313899351_7188bdfb48_o.jpg

Cruthaigh an léarscáil linn

An bhfuil eolas agat gur mhaith leat a chur ar léarscáil do cheantar Gaeltachta? An bhfuil íomhá, dinnseanchas, scéal, dán, amhrán, nó píosa eolais eile agat a bhaineann le do cheantar? Má tá, téigh i dteagmháil linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Dhá choismeig agus léim ó Chathair na dTreabh atá Gaeltacht Chonamara. Talamh íseal clochach, áit a gcasann tonn le trá, an duirling leis an gcloch eibhir. Breac le góilíní, gaineamh agus oileáin, is í an Ghaeilge teanga an phobail anseo. Tá cultúr na teanga beo beathach agus traidisiún an cheoil, damhsa, litríocht agus ceardaíocht á sheachadadh ó ghlúin go glúin, rud a fhágann a shliocht sa dlúthbhaint atá idir an talamh agus a phobal. Tugann TURAS CHONAMARA cuireadh dhuit an teanga agus an tírdhreach a fheiceáil mar a fheiceann muintir na háite é.

 

Faigh an aip TURAS CHONAMARA agus lean an mapa digiteach agus closamhairc a thugann léargas ar shaibhreas cultúir, teanga agus béaloidis na Gaeltachta, ar fhoirmeacha áitiúla logainmneacha agus ar an cheangal láidir idir na daoine agus an talamh. Déan turas digiteach timpeall Ghaeltacht Chonamara, nó tabhair cluais do na scéalta, amhráin agus ceol agus tú ag siúl na dúiche ónar eascair siad. Is sna pobail éagsúla ó Chois Fharraige go Carna i nGaeltacht Chonamara a fritheadh ábhar an mhapa seo tríd togra pobail agus oidhreachta.

 

Déanann FAOI RÚN, taispeántas ealaíne faoin spéir i Ros Muc, iniúchadh ar an phlé idir tírdhreach, aeráid agus cultúr.

 

Cuir aithne ar mhuintir na Gaeltachta agus a dtraidisiúin in SIÚLACH SCÉALACH, sraith seónna bóthair, ceardlanna, cainteanna agus ceolchoirmeacha beaga in áiteanna faoi leith agus beidh tú faoi gheasa agus faoi dhraíocht.  

Arna chruthú ag Ríonach Ní Néill, arna léiriú ag Ciotóg, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020, arna chomh-mhaoiniú ag FLAG (Fisheries Local Area Group), le tacaíocht ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus RTÉ Radio na Gaeltachta