Cois Fharraige & Ros a’ Mhíl

COIS FHARRAIGE & ROS A' MHÍL



Más mian leat páirt a ghlacadh sa dtogra mapála Cois Fharraige & Ros a’ Mhíl, agus má tá eolas nó ábhar agat le cur ar an léarscáil, déan teagmháil linn ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.. Tá muid ag lorg logainmneacha áitiúla le cur ar an mhapa, ina measc ainmneacha bailte, bóithre, tránna, bealaigh, cnoic, aibhneacha, srutháin, portaigh, srl.

Is féidir linn eolas ar nós siúlóidí, radharcanna, suíomhanna stairiúla, suíomhanna seandálaíochta, srl a chur ar an mhapa. Tá muid ag lorg stair, dinnseanchas agus béaloideas na háite freisin.

Ba mhaith linn amhránaithe, ceoltóirí, filí, agus scríbhneoirí na háite a mhapáil, chomh maith lena gcuid amhrán, ceoil, filiíocht agus litríocht.

Is féidir linn ceardlann mapála nó agallaimh aonair a shochrú, ach a bheith ag cloí le srianta Covid-19.