Baile
https://www.turaschonamara.ie/images/faoi_run/port_1.jpg

Dhá choismeig agus léim ó Chathair na dTreabh atá Gaeltacht Chonamara. Talamh íseal clochach, áit a gcasann tonn le trá, an duirling leis an gcloch eibhir. Breac le góilíní, gaineamh agus oileáin, is í an Ghaeilge teanga an phobail anseo. Tá cultúr na teanga beo beathach agus traidisiún an cheoil, damhsa, litríocht agus ceardaíocht á sheachadadh ó ghlúin go glúin, rud a fhágann a shliocht sa dlúthbhaint atá idir an talamh agus a phobal. Tugann TURAS CHONAMARA cuireadh dhuit an teanga agus an tírdhreach a fheiceáil mar a fheiceann muintir na háite é.

 

Faigh an aip TURAS CHONAMARA agus lean an mapa digiteach agus closamhairc a thugann léargas ar shaibhreas cultúir, teanga agus béaloidis na Gaeltachta, ar fhoirmeacha áitiúla logainmneacha agus ar an cheangal láidir idir na daoine agus an talamh. Déan turas digiteach timpeall Ghaeltacht Chonamara, nó tabhair cluais do na scéalta, amhráin agus ceol agus tú ag siúl na dúiche ónar eascair siad. Is sna pobail éagsúla ó Chois Fharraige go Carna i nGaeltacht Chonamara a fritheadh ábhar an mhapa seo tríd togra pobail agus oidhreachta.

 

 

Arna chruthú ag Ríonach Ní Néill, arna léiriú ag Ciotóg, arna choimisiúnú ag Gaillimh 2020, arna chomh-mhaoiniú ag FLAG (Fisheries Local Area Group), le tacaíocht ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus RTÉ Radio na Gaeltachta