
LÉARSCÁIL TURAS CHONAMARA @ OÍCHE CHULTÚIR
Ar an Oíche Chultúir, buailigí isteach chugainn i dtí Fíbín chun fáil amach faoin léarscáil digiteach closamhairc Turas Ghaeltacht Chonamara, atá á chrothú againn in éineacht le pobal Chonamara.
Déan turas digiteach timpeall na Ceathrún Rua, agus tabhair cluais do na scéalta, amhráin agus ceol ar bhailigh muid ó mhuintir na háite. Faigh amach conas a bhfuil muid ag déanamh an léarscáil, agus conas gur féidir leat páirt a ghlacadh sa dtogra mapála.
Cuireann muid fáilte roimh ábhair le cur leis an léarscáil, a chuimsíonn na ceantair ó Charna go Cois Fharraige. Má tá eolas áitiúil agat, ar nós logainmneacha, stair, béaloideas, amhráin, litríocht, pictiúirí nó ábhair suime eile, roinn linn iad, nó is féidir leat taifead a dhéanamh linn ar an oíche.
Ealaíontóir | Artist
Ríonach Ní Néill
Áit | Location
Fíbín Teo, an Tulaigh, Baile na hAbhann
https://goo.gl/maps/zYSvX7WgkqYZWJs58
Dáta | Date
18.09.2020
Am | Time
19:30 – 21:30
Do chách | for all
Saor in aisce | Free
Caith masc le do thoil | please wear a mask when visiting
Buíochas le | Thanks to
Fíbín Teo., Darach Ó Tuairisg
