
FAOI RÚN
Is sraith saothair ealaíne é Faoi Rún atá suite amuigh faoin spéir i Ros Muc, agus a dhéanann iniúchadh ar an bplé idir tírdhreach, aeráid agus cultúr na háite. Is é an t-ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta a chruthaigh Portráidí Criathraigh i bportach i gcroí-lár Ros Muc. Léiríonn siad beirt phearsa a bhaineann le Ros Muc; sin iad Bridget Aylward, Queen of Alaska agus an rinceoir cáilithe ar an sean-nós, Cóilín Sheáin Dharach Seoige. Tugann siad ómós don áit lárnach atá ag an bportach i saol muintir na Gaeltachta. Baineadh na portráidí amach as an bportach le sleán agus innealra, mar a bhaintear móin, agus is ionann iad agus na trínsí agus díoganna báite mórthimpeall orthu.
Sníomhann an t-ealaíontóir Paul Kinsella tírdhreacha fisiciúla agus fíorúla le chéile i saothair grianghrafadóireachta a chuireann i gcás áit ina bhfuil an t-am atá caite, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht ag tárlú ag an am céanna. Spreagtha ag an bplean a caitheadh i dtraipisí bóthar iarainn a chur síos sa cheantar, ceistíonn a shaothar buaineacht na timpeallachta.
Nuashonrú 10 Meán Fómhair 2020: Mar gheall ar imní faoi COVID , cuirfear scannán de thograí Faoi Rún ar fáil ar líne ón 25 Meán Fómhair. Táimid ag súil go mbeidh an phobal in ann cúirt a thabhairt ar na suíomhanna amach anseo.
Ealaíontóir | Artist
Seán Ó Flaithearta
Paul Kinsella
Arna choimeádú ag | Curator
Ríonach Ní Néill
Scannán | Film
Joe Lee
Ceamadóireacht | Camera
Daniel St Ledger, Joe Lee, Ríonach Ní Néill
Tochailt | Excavation
Maolra Ó Máille
Áit | Location
Ros Muc
Dáta | Date
25.9.20 – 31.03.21
Do chách | for all
Saor in aisce | Free
Be aware that some of the sites have no vehicular access and are on rough terrain, walking shoes recommended.
Buíochas le | Thanks to
Pobal Ros Muc, Eoin Ó Nia, Beartla McDonagh the community of Ros Muc, Eoin Ó Nia, Beartla McDonagh
